Deireann Alt [(21) (9)] den Acht go: “measfar nach bhfuil mac léinn as láthair ón scoil ina bhfuil aon tréimhse neamhláithreachta údaraithe ag an bPríomhoide agus go mbaineann sí le gníomhaíochtaí a bheidh eagraithe ag an scoil nó a bhfuil ag an scoil leo”. Ní féidir leis an Príomhoide neamhláithreacht dalta a údarú i dtaobh saoire i rith am scoile. Tá sé riachtanach áfach, go gcuirfeadh na tuismitheoirí in iúl don scoil maidir le socraithe mar seo.
Caithfear cúiseanna neamhláithreachta a chur in iúl don scoil i scríbhinn ag tuismitheoirí/caomhnóirí agus coiméadfaidh an scoil na cáipéisí seo. Má bhíonn dalta as láthair, ba chóir don dalta nóta asláithreacha thabhairt don múinteoir ar theacht thar nais dó, ar a bhfuil ainm an dalta(í) agus cúis. Beidh na nótaí seo mar thaifead a fhéadfadh an tOifigeach Leasa Oideachais a scrúdú ar chuairt chun na scoile. Déanfaidh an scoil teangmháil leis an Oifigeach Leasa Oideachais muna bhfuil cúiseanna i scríbhinn faighte ag an scoil. Déanfaidh an scoil teangmháil le tuismitheoirí muna mbíonn cúis neamhláithreachta i scríbhinn faighte ag an scoil.