Scoil NAOMH EOIN BAISTE
Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh Bord Bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.
D’fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 30th April 2020. Tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d’aon duine a iarrann é.
Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Scoil Naomh Eoin Baiste leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.
Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann. (Clic anseo chun a fógra a léamh)
Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin. (foirm iarratais i gcomhair iontrála)
Sa chás nach bhfuil an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla ag teacht le chéile is ag an leagan Gaeilge a bheidh forlámhas.